|
Cúlra
Tá géarchéim chóiríochta in earnáil na
gaelscolaíochta go leanúnach le blianta anuas. Tá líon na
scoileanna atá fós ag feitheamh ar chóiríocht oiriúnach ag
méadú seachas ag ísliú. Níl sé inghlactha go bhfuil sé de
chúram ar thuismitheoirí dul i mbun tiomsú airgid chun cur le
ranníocaíochtaí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta i dtreo
cíosa. Tugadh aitheantas don ghéarchéim seo i gClár an Rialtais,
2002:
“Beifear ag glacadh le hathbhreithniú
cuimsitheach ar riachtanais na ngaelscoileanna agus na scoileanna go
léir sa Ghaeltacht. Mar chuid d’obair na Roinne Oideachais agus
Eolaíochta, beifear ag déanamh athbhreithniú ar staid na
bhfoirgneamh go léir atá na scoileanna seo ag úsáid agus beimid
ag cur clár i gcrích chun a bheith cinnte go bhfuil siad
oiriúnach de réir an chaighdeán”.
Faraor, is beag an dul chun cinn atá déanta ar an
gceist phráinneach seo. Ón méid atá bainte amach, ní leor é in
aon chor. Is léir go bhfuil ag teip ar an gcóras chun tabhairt
faoin bhfadhb. Is gá go ndéanfaí príoracht den cheist faoi mar a
bhí geallta. Caithfear deireadh a chur leis na socraithe sealadacha
mí-oiriúnacha seo agus gníomhú a éileamh ón Roinn ar
thimpeallacht sláintiúil foghlama a bheith ar fáil dár ndaltaí.
Na Fíricí
53% de ghaelscoileanna gan cóiríocht bhuan.
Tá 131 bunscoil lán-Ghaeilge sa tír:-
-
I measc an 29 scoil a bunaíodh ó 1998 i leith
níl aon cheann acu i gcóiríocht bhuan go fóill.
-
I measc an 58 scoil a bunaíodh ó 1994 tá 52
acu sin fós gan cóiríocht bhuan, a chuimsíonn 90% den
iomlán sa tréimhse seo.
Bunaíodh 104 scoil idir 1983 agus 2006. Tá 69
scoil, sin 66%, gan cóiríocht bhuan. As seo:-
-
34 scoil bunaithe idir 1983 agus 1989 - 10
scoil gan cóiríocht bhuan - 29%.
-
51 scoil bunaithe idir 1990 agus 1999 - 40
scoil gan cóiríocht bhuan - 78%.
-
19 scoil bunaithe idir 2000 agus 2006 - 19
scoil gan cóiríocht bhuan - 100%
Tá 40 scoil ag fanacht 10 mbliain ar a laghad ar
chóiríocht bhuan agus 9 gcinn astu sin ag fanacht 20 bliain nó
níos mó.
Ár nÉilimh
Éilíonn Gaelscoileanna Teoranta :-
• go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim
staid na cóiríochta i scoileanna le haitheantas buan atá i
gcóiríocht shealadach laistigh den Rannóg Pleanála sa Roinn
• go mbeidh pleanáil réamhghníomhach ann do sholáthar
suíomhanna trí struchtúr comhaontaithe idir an Roinn Oideachais
agus Eolaíochta agus na húdaráis áitiúla
• go mbeidh dualgas reachtúil ar lucht pleanála sna comhairlí
áitiúla suíomhanna cuí a aimsiú agus a chur ar leataobh do
scoil a luaithe is a bhíonn an t-aitheantas buan bronnta orthu,
móide cead ordú ceannaigh éigeantach a bheith acu
• go mbeidh dualgas reachtúil ar Oifig na nOibreacha Poiblí
suíomh a cheannach laistigh de thréimhse 3 bliana ó bhronntar
an t-aitheantas buan ar an scoil
• go mbeidh íoschaighdeán de chóiríocht shealadach do
scoileanna, idir spás agus caighdeán fisiciúil, móide scála
ama an tréimhse sealadaigh do gach
scoil a bheith chomhaontaithe
• go mbeidh cúram cíosa 100% ar an Roinn Oideachais agus
Eolaíochta do gach scoil le haitheantas buan, agus
• i gcás scoileanna gan aitheantas buan, aisíoc iomlán ar an
difir idir 75% agus 100% tar éis don scoil aitheantas buan a
bhaint amach.
Ba chóir go
gciallódh ‘sealadach’ sealadach
CÓIRÍOCHT CHÓIR ANOIS! |